Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > An Ghaeilge > Scoláireachtaí Gaeltachta

Scoláireachtaí fá choinne Coláistí Samhraidh Gaeltachta 2023

 

Tá Coiste Gaeilge Chomhairle Chontae Dhún na nGall, i gcomhar leis na Coláistí Gaeilge, ag tairiscint scoláireachtaí Gaeltachta le freastal ar Choláistí Gaeilge Samhraidh i 2023. Tá na scoláireachtaí ar fáil do dhaltaí scoile idir deich mbliana agus ocht mbliana déag d’aois, a bhfuil buanchónaí orthu, nó atá ag freastal ar scoileanna, i gContae Dhún na nGall.

 


Déanfar na hiarratasóirí a roghnú i gCrannchur Oscailte ag tús mhí Mhárta 2023. Bronnfar 30 Scoláireacht ar a laghad, agus íocfar na táillí ar fad faoin Scéim. Rachfar i dteagmháil go díreach leis na buaiteoirí amháin agus cuirfear fógra ginearálta in airde ar ár suíomh idirlín ag cur in iúl go bhfuil an crannchur thart.

 

Ba chóir dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa scéim seo an fhoirm iarratais, atá istigh leis seo, a líonadh isteach agus a chur ar ais chuig an seoladh ar an fhoirm roimh:

Déardaoin 23 Feabhra 2023

 

Is féidir foirmeacha a fhágáil in aon cheann dár nIonaid Seirbhísí Pobail ach iad a bheith in am agus an seoladh atá luaite ar an fhoirm scríofa go soiléir orthu.

 

Foirm Iarratais 2023

Scéim Scoláireachta 2023 Fogra

 

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

Róise Ní Laifeartaigh ar 074 9153900
Rphost: [email protected]
Suíomh: www.ccdhunnangall.ie
 

Nóta: Ní mór do thuismitheoir/chaomhnóir ar bhain scoláire s’acu scoláireacht amach faoin sceim seo a chinntiú go bhfuil siad cláraithe ar chúrsa le coláiste atá sásúil dóibh.